zeno
Create a Station
Explore
Religious
Music
News
Podcasts
Bible
By Genre
By Location
By Language
Download App
Toggle Sidebar
zeno
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Barrscéalta
News
Irish
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Website
Episodes
100
10 June 2026
An Monsignor Caoimhín Mac Giolla Easbuig, Riarthóir na hArdeaglaise.
Tá Ardeaglais Naomh Adhamhnáin i Leitir Ceanainn ag ceiliúradh 125 bliain ó tógadh an Ardeaglais i mbliana agus tá roinnt ócáid eagraithe le ceiliúradh a dhéanamh ar an chlochmíle sin.
7 min
10 June 2026
Cartlann na Céadaoine.
Inniu téann muid siar go dtí an bhliain 1991 nuair a labhair Áine Ní Chuireáin le hiarscoláirí Choláiste Bhríde, coláiste ullmhúcháin a bhí lonnaithe i mBaile Chonaill ar an Fhál Carrach.
7 min
10 June 2026
Gearóid Ó Muilleoir, an t-iriseoir ón Sunday World.
Bhí imní a léiriú i rith an lae inné go dtarlódh agóídí ar fud na cathrach i ndiaidh d’fhear as an tSudáin ionsaí a dhéanamh ar fhear eile sa Chathair le scian Dé Luain. Dódh tithe, dódh carranna agus cuireadh bus ar thine le linn oíche d’fhoiréigin fíochmhar i mBéal Feirste aréir
9 min
10 June 2026
Frances Nic Géadaigh ó sheomra na nuachta.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
4 min
10 June 2026
Kieran Ó Rabhartaigh, fear gnó as Dún Lúiche.
Beidh ceoltóirí móra le rá ag tabhairt a gcuid ama, saor in aisce, don lá mór ceoil i nDún Lúiche le hairgead a bhailiú do charthanachtaí éagsúla arís i mbliana ag tús mí Lúnasa.
6 min
10 June 2026
Andy Caomhánach, Fear na Ríomhairí.
Inniu labhair Andy faoin bhuille mór do Temu, go mbeidh fíneáil €200 milliún curtha ar an chomhlacht siopadóireachta ar líne ag an Aontas Eorpach.
6 min
09 June 2026
Pacáiste ó Scoil An Chaisil, Gleann Cholm Cille.
Seolfar leabhar úr atá curtha le chéile ag páistí ó Scoil an Chaisil, bunaithe ar scéalta agus stair na háite. Thug Conor Ó Gallachóir cuairt ar an scoil agus labhair sé le roinnt de na daltaí a bhí páirteach sa togra. Labhair sé fosta le múinteoir sa scoil, Clár Nic Grianna agus an príomhoide, James Mac Aodha.
22 min
09 June 2026
Barrscéalta, clár iomlán, 10/06/2026.
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
57 min
09 June 2026
Áine Ní Dhíoraí, ball de choiste Ionad Oidhreachta Isaac Butt.
Tá post mar Oifigeach Forbartha Pobail faoi oiliúint a thairiscint ag Ionad Oidhreachta Isaac Butt sa Ghaeltacht Láir san am i láthair.
8 min
09 June 2026
Pól Mac Giolla Bhríde, múinteoir i nGaelscoil Adhamhnáin agus Áine Uí Chnáimhsí, príomhoide Ghaelscoil Chois Feabhail.
Beidh cluichí ceannais na hÉireann cúigear an taobh do bhunscoltacha ar siúl inniu i Stáid an Aviva. I measc na scoltacha a bheas páirteach inniu beidh Gaelscoil Adhamhnáin, Leitir Ceanainn agus Gaelscoil Cois Feabhail, Bun an Phobail.
4 min